Altan - Ceol A'phíobaire lyrics | LyricsFreak
Correct  |  Mail  |  Print  |  Vote

Ceol A'phíobaire Lyrics

Altan – Ceol A'phíobaire Lyrics

Má phósann tú an siostalóir, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú do thachtadh le barrach na tíre
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó
Mile be 'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

Má phósann tú an fíodóir, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh
Mile be 'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

Má phósann tú an tailliúr, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh sop I mbéal an dorais, mar bheadh madadh are charnán aoiligh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí
Mile be 'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Share lyrics
×

Ceol A'phíobaire comments