[Chorus:]
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.
'sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
Do ba é áare gcreach tú bheith I ngéibheann,
Do dhúiche bhreá I seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.
[Chorus:]
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
[Chorus:]
A bhuí le Rí na bhfeart go bhfeiceann,
Mura mbim beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt féin ar Ghallaibh.
[Chorus:]