Clannad - Mo Mhaire lyrics | LyricsFreak
Correct  |  Mail  |  Print  |  Vote

Mo Mhaire Lyrics

Clannad – Mo Mhaire Lyrics

Ag feis nó dáil níl bean le fáil
Chomh sciamhach le mo Mháire
Tá aice cneas bog bán a 's deas
Do chuirfeadh lil' faoi náire;
'san domhan seo, níl aon chroí chomh díl
Nó cailín tá níos fíre -
'measc óg nó sean 'sí plúare na mban
Is ise bród na tíre.

Tá gruaig mo stóir mar fháinni óir
A'titim síos go talamh;
Thar muinéal ban a 's guaille lán
A cuma 'tá mar dhealbh.
Gí glan soiléar gach réalt 'san spéir
Tá súil mo ghrá níos glaine
's binne glóare mo chailín óig
Ná cláirsí ciúin na cruinne.

'Measc aos óg I leathar bróg
Ar urláare, cúirt nó pairliúin
Níor sheas le taobh aon fhear ariamh
Bean-rinceoir leath chomh hálainn
Má bhris sí croí aon óganiagh
Gan bréag do bhris si céadta
'gus tá na mná fáil bháis gach lá
Le troim'is neart a n-éada.

Ag feis nó dáil níl bean le fáil
Chomh sciamhach le mo Mháire
Tá aice cneas bog bán a 's deas
Do chuirfeadh lil' faoi náire;
'san domhan seo, níl aon chroí chomh díl
Nó cailín tá níos fíre -
'measc óg nó sean 'sí plúare na mban
Is ise bród na tíre.
Share lyrics
×

Mo Mhaire comments